Geimhriú
Bolgbhrón
a tholgas
ar fán i gceo an Fhómhair
chothaíos é le bia,
do dheineas dó cocún
is do leag isteach i bpluais
go humhal
Tá suan mallaitheach
ag bagairt orm
le coicís
is mé ag alpadh dorchadais.
Ná labhair focal,
ná féach im threo
tá duifean ar mo chroí
nach n-ardófar
– Géillim don gheimhriú –
Ní aithneofar mé
go péacadh na mbachlóg.