Dá gCífeá í Tar Éis Fíon a dh’Ól . . .
Dá gcífeá í tar éis fíon a dh’ól,
an cineál craorag sin ón tSile a mhiceo,
í ag pramsáil romham tríd an gceantar gnó
i lár na hoíche agus loinnir ina snó
mar nár fhágamar an tábhairne ’dtína ceathrú chun a dó.
Á, dá gcífeá í tar éis fíon a dh’ól.
Dá gcífeá í tar éis fíon a dh’ól,
cineál na Gearmáine ar a dtugaid Hoch,
a lámha amhail éin bhána ag gabháil gach treo
is a glór ag breith bua ar challán an tsló
i gcaifé súgánach san ardtráthnón’.
Ó, dá gcífeá í tar éis fíon a dh’ól.
Dá gcífeá í tar éis fíon a dh’ól,
sútha talún faoi uachtar agus Beaujolais Nouveau
ag cóisir ghairdín i dtosach an fhómhair
a rothar le hais an gheata is é ag brionglóid
faoin mbóthar abhaile is an ghrian ag dul fó.
Á, dá gcífeá í tar éis fíon a dh’ól.
Dá gcífeá í tar éis fíon a dh’ól,
bán ón nDomhan Úr, ó fhíonghoirt Chalafóirn’,
i lár halla ag hapáil tríd an nGoirtín Eornan
ina bróga gorma svaeide nua.
Dá gcífeá í mar a chímse í tar éis fíon a dh’ól . . .