Oíche Mhaith, a Bhastaird
Ar an mBuailtín
os cionn shiopa Sheáinín na mBánach
a bhíodh na hoícheanta againne
agus thagadh scata do mhuintir na háite
is dos na “laethanta breátha”
thar n-ais i ndiaidh am dúnta
i dtigh tábhairne Dhónaill Uí Chatháin.
Is bhímisne, páistí, inár leapacha ar fionraí,
suan na súl oscailte orainn sa tseomra codlata
ag feitheamh le monabhar bog an chomhluadair
ag déanamh orainn an staighre aníos.
Thosnaítí ansan le tamall comhrá
scéalta á n-aithris is corr-sá grinn,
tú fhéin i d’fhear tí támáilte
ach an Beamish ag tabhairt do ghlóir chugat
nó go n-iarrtá ar dhuine éigin amhrán do rá.
An curfá dá chasadh ages gach éinne,
an siosa agus an barr dá bhaint do bhuidéal.
Is nuair a bhíodh a oíche thart
chloisimis na daoine is iad ag imeacht,
thíos ar an tsráid i moch na maidine
an ceiliúradh ag duine acu, “Oíche mhaith, a bhastaird”,
in ard a chinn ar shráid an Bhuailtín.
Is é mo lom
ná rabhas fásta suas in am,
sara bhfuairis bás,
le go mbeinn i láthair
ag oíche a reáchtáilis
os cionn shiopa Sheáinín
ar an mBuailtín.
Is nuair a bheadh an oíche thart
agus an chuideachta ag imeacht
thabharfainn féin faoi mo lóistínse mar aon leo
i mBaile Eaglaise nó sna Gorta Dubha
ach sara n-imeoinn chasfainn chugat
le go ndéarfainn, “Oíche mhaith, a bhastaird”,
go ceanúil meisciúil leat.