Teora
béal gunnáin le d’uisinn
i lár na hoíche
is tá’s agat go bhfuilir le scaoileadh
isteach sa síoraíocht gan teora
de bhrí go bhfuil teora thart ar do ghlór
tuin ná baineann ach le dúthaigh amháin
tuin ná fuil ar bhéal an ghunnáin
a fhágfaidh tú i d’allait feola
le hais an bhóthair
ná gabhann in aon áit
de bhrí go bhfuil deireadh le treonna id chás-sa
líontar le trua dom féin mé is le hanbhá
is mé ag tarrac thruicear an ghunnáin