Bhís dom’ thiomáint cois trá
Bhís dom’ thiomáint cois trá
sa taibhreamh,
ag míniú an cathú a bhí ort,
an fáth nár ligis sinn i gcathú . . .
is chuimhníos ansan
ar an mbáisteach bhíoblúil
a fhliuch do choinsias
ar tairseach na dúile . . .
Dhúisíos is mo dhá chois
i lochán báistí,
clog an tsáipéil
ag áireamh mo bhróin.