Dán '300'
(is a seacht)
tógann an file
Bád,
an léitheoir
a chuireann criú inti
a chuireann í ag seoladh;
Sáipéal,
is is é an léitheoir
a chuireann an cór ann
a líonann é le ceol;
nó
Spás,
a fheistítear le troscán
go ndéantar seomra do.
Tógann an file
leathanach dubh
is lena pheann
súnn do an dúch
go n-aimsíonn an dán
ina lár.
Tógann an léitheoir
Dán;
bíonn
an file
gan a bheith ar fáil.